This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.
Coláiste
Fáilte chuig Coláiste na Cosanta Sibhialta
Is é Coláiste na Cosanta Sibhialta an tIonad Oiliúna Náisiúnta do Chosaint Shibhialta. Oibríonn an Coláiste le réimse leathan comhlachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta chun oiliúint, scileanna agus saineolas a fhorbairt agus a sheachadadh. Tá siollabas teagaisc an Choláiste bunaithe ar roinnt téamaí a thacaíonn le hÚdaráis Áitiúla agus Pobail i rith cásanna éigeandála fógartha agus neamhfhógartha. Áirítear lenár n-oiliúint Cuardach ar Dhaoine ar Iarraidh, Freagairt Tuilte, Tacaíocht Taismí agus Leasa i measc nithe eile.
Oibrímid le réimse leathan comhpháirtithe náisiúnta agus idirnáisiúnta go bliantúil chun clár an choláiste a chur le chéile don bhliain amach romhainn. Áirítear lenár gcomhpháirtithe oiliúna na Gníomhaireachtaí Céadfhreagartha; an Garda Síochána, an tSeirbhís Dóiteáin agus Tarrthála agus an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna. Gné thábhachtach den obair a dhéanaimid is ea cláir choláiste a chreidiúnú; rud a chinntíonn go bhfuil ár modheolaíocht seachadta agus teagaisc de réir an dea-chleachtais náisiúnta. Cinntíonn ár n-ailíniú le agus ár gcomhaontuithe um dhearbhú cáilíochta le comhlachtaí cosúil le Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) (FETAC mar a bhí) agus An Chomhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil (PHECC) comhsheasmhacht agus forbhreathnú seachtrach ar ár gcleachtais. Tarraingítear roinnt clár ó ghníomhaireachtaí a bhfuil creidiúnú idirnáisiúnta acu; tá oiliúint Freagróra, Teagascóra agus Bainistithe Swiftwater agus Tuile, deimhnithe ag Rescue3 Europe, gníomhaireacht tarrthála uisce atá aitheanta go hidirnáisiúnta.
Tá ár n-oiliúint múnlaithe ar dhá shruth nasctha; ceann amháin bunaithe ag an gColáiste (oiliúint lárnach) agus an ceann eile i ngach Údarás Áitiúil (oiliúint áitiúil). Tá an Coláiste freagrach as idirghabhálacha beartais agus oiliúna a cheapadh a dhéanann forbairt ar chomhaltaí deonacha Chosaint Shibhialta ina dTeagascóirí; agus ansin cuireann siadsan oiliúint ar fáil d’oibrithe deonacha áitiúla ina n-aonad féin.
Faighimid daltaí as sampla leathan den tsochaí; tugann siad taithí saoil leathan agus éagsúil leo. Tá go leor dár ndaltaí fostaithe go lánaimseartha; agus roinnt eile i mbun saol baile agus cúrsaí eile. Tá ár ndaltaí díograiseach i leith na foghlama agus a dtaithí saoil agus a gcúlra á úsáid acu le tacú lena bhfoghlaim féin agus foghlaim a chéile. Níl an turas ach ina thús nuair a cháilíonn tú mar Theagascóir le Cosaint Shibhialta; tá Inniúlacht Ghairmiúil Leanúnach (CPC) mar bhonn agus taca lenár dtacaíocht leanúnach; a chinntíonn go gcoinnítear teagascóirí ar an eolas maidir le hathruithe ina réimsí féin. Áirítear ceardlanna; seimineáir agus scileanna agus measúnuithe faisnéise leanúnacha le CPC.
Clár Choláiste na Cosanta Sibhialta
College Programme February June 2015