This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.
Seirbhís Taismí
Institiúid oiliúna é an Chosaint Shibhialta atá aitheanta ag an gComhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil (PHECC) agus a cháilíonn a gcuid saorálaithe ón gCéad-Fhreagairt Croí (CFR) go Teicneoir Leighis Éigeandála (EMT) agus sa Gharchabhair Oibre. Cáilítear na saorálaithe go caighdeán freagróra agus teagascóra. Cuireann líon mór saorálaithe, atá ag obair go lán-aimseartha sna seirbhísí otharcharr reachtúla, a gcuid sainscileanna ar fáil don Choláiste Cosanta Sibhialta chun saorálaithe eile a oiliúint.
Cuireann saorálaithe garchabhair ar fáil ag imeachtaí pobail agus náisiúnta, a leithéidí ceolchoirmeacha, imeachtaí spóirt náisiúnta agus imeachtaí áitiúla. Tá teacht ag an gCosaint Shibhialta ar an trealamh cuí do chúram othair laistigh de gach caighdeán. Tá údarás ag an gCosaint Shibhialta Treoirlínte do Chleachtas Cliniciúil PHECC a úsáid. Cuirtear Inniúlacht Ghairmiúil Leanúnach, uas-scileadh agus ath-theastasú ar fad ar fáil do gach saorálaí Cosanta Sibhialta, ar mhaithe le h-ardchaighdeán cúram othair réamh-ospidéil a choimeád.